Súgradh
Bhain Active South Dublin ceannas ar chruthú coiste darbh ainm "Let's Play South Dublin". Tá Let's Play South Dublin ann chun polasaithe, imeachtaí agus tionscadail a sheachadadh agus a thacú leo – ag baint úsáid as súgradh mar straitéis chun pobail bhríomhara a chruthú ar fud an chontae.
Is comhpháirtíocht tras-earnála muid, ag obair le chéile chun Contae Bhaile Átha Cliath Theas a dhéanamh ina áit níos spraíúla le maireachtáil agus le hobair inti. Creidimid i gceart gach duine – beag beann ar aois nó cumas – a bheith in ann páirt a ghlacadh i súgradh, agus seasaimid go láidir leis an gceart sin.